***Ní bheidh na cúrsaí seo ar siúl i mbliana mar gheall ar COVID-19***

Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta 

Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar.

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Táimid lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.


Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?

(a) Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta. 

(b) Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí. 

(c) Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.

Cuspóirí an chúrsa

  • Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr. 
  • Tuiscint a chothú iontu ar úsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
  • Deiseanna a chruthú dóibh le sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.

An Cur Chuige Teagaisc

Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe. Bíonn an bhéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar rólghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga. Múintear an ghramadach de réir mar a bhíonn sí ag teastáil agus i gcomhthéacs den chuid is mó den am.

Áiseanna Teagaisc

Tá scoth na n-áiseanna teagaisc nua-aimseartha san ionad: 

  • Seomraí ranga ilchuspóireacha 
  • Cláir bhána idirghníomhacha 
  • Ríomhlanna 
  • Seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta 
  • Trealamh léiriúcháin teilifíse 
  • Stiúideo 
  • Leabharlann

Ábhar Ranga

  • Straitéisí Comhrá 
  • Cleachtaí éisteachta/cainte/léitheoireachta/scríbhneoireachta 
  • Cluichí teanga 
  • Cora cainte ó na canúintí éagsúla 

Imeachtaí seach-churaclaim

  • Oícheanta Cultúir 
  • Turais oidhreachta 
  • Drumadóireacht 
  • Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta 
  • Tráth na gCeisteanna Boird 
  • Damhsa Seite/Céilí 
  • Siúlóidí Dúlra 
  • Tóraíochtaí Taisce

 

Cúrsaí Seachtaine

Táille Theagaisc: €260
 

Bunrang:

  • 06/07/2020 - 10/07/2020

Meánrang & Ardrang: 

  • Cúrsa A: 22/06/2020 - 26/06/2020
  • Cúrsa B: 29/06/2020 - 03/07/2020
  • Cúrsa C: 03/08/2020 - 07/08/2020
  • Cúrsa D: 10/08/2020 - 14/08/2020

Cúrsa Coicíse

Táille Theagaisc: €420

Meánrang & Ardrang: 

  • Cúrsa E: 22/06/2020 - 03/07/2020

 Eolas Breise

Tá eolas ginearálta faoi na dianchúrsaí seo ar fad le fáil ar an leathanach eolais seo.

Tá bróisiúr faoi na dianchúrsaí le foirm iarratais ar fáil i bhfoirm PDF faoin réimse 'Íoslódálacha' thíos.

Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais: 

An Rúnaí, 
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 
An Cheathrú Rua, 
Co. na Gaillimhe.

T: 091 494600 
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie