Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa  MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo:

  • an t-aistriúchán
  • an tsochtheangeolaíocht
  • an teangeolaíocht
  • teagasc teangacha
  • pleanáil teanga agus, den chéad uair i mbliana
  • cúrsaí cumarsáide

Lógó An Reiviú

Is foilseachán bliantúil é seo a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear. Creideann foireann na hirise go bhfuil An Reiviú ina acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí teanga. Bíonn ailt san áireamh san iris a scríobh idir mhic léinn iarchéime agus daoine léannta na hearnála.