Focal ón Stiúrthóir Léinn

Céad fáilte romhat chuig Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Is é misean an Acadaimh pobal teanga agus léinn a chur chun cinn trí ollscolaíocht Ghaeilge den chéad scoth a chur ar fáil. Tá teacht anseo ar eolas faoi na cláir léinn a bhíonn á dtairiscint againn chomh maith le léargas ar thionscadail reatha taighde. Tá gach a ndéanann muid san Acadamh préamhaithe i dteanga agus dúchas na Gaeilge agus déantar saothrú ar leith ar réimsí léinn a imríonn tionchar tairbheach ar an bpobal teanga. ‌‌

Dlúth-thréithe de chláir léinn uile an Acadaimh ná teagasc atá bunaithe ar thaighde, an machnamh criticiúil, scileanna anailíse, feasacht chultúrtha agus ardoiliúint teanga. Más mian leat cúrsa a dhéanamh linn cinnteoidh foireann teagaisc agus tacaíochta na gclár léinn go mbeidh scotheispéireas foghlama agat, i gceann ar bith de na hIonaid Ollscoile atá againn ar champas na Gaillimhe, Gaoth Dobhair, Carna nó ar an gCeathrú Rua.

Cúlra

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na Gaillimhe in 2004, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na gcúrsaí trí Ghaeilge, do ghníomhaíocht taighde agus do sheirbhísí eile. Comhoibríonn an tAcadamh le Coláistí, le Ranna agus le hoifigí eile na hOllscoile, chun forbairt a dhéanamh ar raon agus ar líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar champas na hOllscoile i nGaillimh agus sa Ghaeltacht.

Fís

Timpeallacht bhisiúil ardléinn, préamhaithe sa teanga agus sa dúchas.

Misean

Ollscolaíocht Ghaeilge ag cur pobal teanga agus léinn chun cinn.