Comórtas d’Intéirneachtaí 2024-25 in institiúidí an Aontais Eorpaigh arna mhaoiniú don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Painéal a bhunú

Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh - an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar oiread agus seisear san iomlán ar feadh tréimhse 9 mí dar tús mí Dheireadh Fómhair 2024.

N.B. Ní bheidh síneadh ama ar fáil do na socrúcháin oibre seo.

Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil don intéirneacht seo.

Láthair

Beidh na hintéirnithe seo lonnaithe in oifigí éagsúla na n-institiúidí ar Mhór-Roinn na hEorpa. 

Critéir cháilitheachta

Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:

  • a bhfuil cáilíocht ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach) nó atá ar tí cáilíocht dá leithéid sin a bhaint amach sula dtosaí tréimhse na hintéirneachta
  • a bhfuil sár-chaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)
  • a bhfuil taithí oibre shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil eolas maith ar bhogearra aistriúcháin ríomhchuidithe acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i staidéar an aistriúcháin acu (inmhianaithe)

Cur síos ar an obair

Aistritheoir
Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge.  Beidh an duine a roghnófar ag cuidiú go príomha le haistriúchán an acquis communautaire  le linn an tsocrucháin oibre.  Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí aistriúcháin ar fáil do gach intéirneach.

Profléitheoir
Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa nó in Oifig na bhFoilseachán agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Cuid den obair sin is ea doiciméid a ullmhú ó thaobh stíle agus clóghrafaíochta de, profaí na gclódóirí a phrofléamh, páirt a ghlacadh i ndearadh foilseachán agus tacú le heagrú agus le monatóireacht na bpróiseas táirgthe éagsúil a bhaineann le doiciméid a fhoilsiú.  Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí cuí ar fáil do gach intéirneach.

Téarmaí agus coinníollacha

Is coinníoll de chuid na scéime seo nár thug an t-iarrthóir faoi intéirneacht ná faoi shocrúchán oibre roimhe seo in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá mic léinn atá ar tí céim ar leibhéal 8 ar a laghad a bhaint amach faoi shamhradh 2024 i dteideal iarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Má éiríonn le mac léinn atá sa chás sin tairiscint choinníollach a fháil, beidh fianaise ar ghnóthú na céime le tabhairt don Roinn sula ndeimhneofar an tairiscint.

Ar feadh thréimhse na hintéirneachta, is Státseirbhíseach de chuid na hÉireann a bheidh san intéirneach, agus é/í ar iasacht leis an institiúid ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá dualgas ar an intéirneach cloí leis na téarmaí, coinníollacha, polasaithe agus treorlínte a leagann an institiúid síos, dá leithéidí uaireanta oibre, cúrsaí sábháilteachta srl.  Beidh ar gach intéirneach páirt a ghlacadh i bpróiseas ionduchtúcháin na hinstitiúide.

Próiseas an chomórtais

Foirm Iarratais a Líonadh
Ní mór gach cuid den fhoirm a líonadh ina hiomláine agus ní mór duit a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ar an bhfoirm iarratais i gceart.  Iarratais ar líne atá ann.

Foirm iarratais le fáil ach cliceáil anseo

Leagan amach an chomórtais

Cuirfear na hiarrthóirí faoi agallamh agus beidh scrúdú aistriúcháin agus/nó scrúdú profléitheoireachta le déanamh chomh maith. Ag brath ar éileamh, ní mór d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfaí gearrliostú a dhéanamh bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil i d'fhoirm iarratais.

Is ar líne a bheidh an scrúdú agus na hagallaimh ar siúl an 19 agus an 20 Meitheamh 2024. Ní mór duit a chinntiú, agus iarratas á dhéanamh agat, go mbeidh tú ar fáil an dá lá sin don scrúdú agus don agallamh ar líne. An tIonad Barr Feabhais atá lonnaithe in Ollscoil na Gaillimhe a riarfaidh an comórtas.

Iarratas tarraingthe siar

I gcás iarrthóirí nach ndéanann freastal ar agallamh, nó nach gcuireann dearbhú ar fáil, nuair a iarrtar sin orthu, de réir mar a theastaíonn ón Ionad Barr Feabhais thar ceann na Roinne i dtaca le haon cheist atá ábhartha dá n-iarrthóireacht, ní bheidh siad i dteideal a bheith san áireamh i gcomhair a mbreithnithe.

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Is é Dé hAoine an 31 Bealtaine ar 12 meán lae an spriocdháta faoina gcaithfear an fhoirm iarratais thuas a líonadh. Cloífear go beacht leis an spriocdháta sin.

Eiseofar admhálacha a dhearbhóidh go bhfuarthas na hiarratais laistigh de 3 lá oibre tar éis d’iarrthóir an fhoirm a líonadh agus a sheoladh.

Freastal speisialta

Má theastaíonn uait go ndéanfaí freastal speisialta ar bith ort i ndáil le gné ar bith den chomórtas seo, cuir é sin in iúl ar an bhfoirm iarratais le do thoil.