Cúrsa sa Saibhreas Teanga
***Ní bheidh an cúrsa seo ar siúl i mbliana mar gheall ar COVID-19***
Cúrsa sa Saibhreas Teanga (2020)
Is cúis dóchais dúinn go bhfuil an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus í á labhairt ag scoth na gcainteoirí. Chuige sin, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara. Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha, dul na Gaeilge, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht, na canúintí, scileanna aistriúcháin agus cruinneas teanga. Beidh scoth na gcainteoirí agus na dteagascóirí ag roinnt a gcuid eolais le rannpháirtithe an chúrsa agus beidh neart deiseanna ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí foclóra, foghraíochta, nádúr na teanga agus go leor eile!
D’fheilfeadh sé seo do dhaoine
- a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus cleachtadh acu ar í a labhairt
- a rinne an Dioplóma sa Ghaeilge, céim sa Ghaeilge nó a bhain amach cáilíocht acadúil sa Ghaeilge
- atá ag múineadh
- atá ag obair sna meáin chumarsáide
- a bhfuil suim acu sna canúintí
- a bhfuil leaganacha cainte agus nathanna dúchasacha ligthe i ndearmad acu
- a airíonn go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte
- atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus ar mhaith leo go mbeadh canúint na háite agus Gaeilge nádúrtha ag a gcuid gasúr
NB: Ní fheilfeadh an cúrsa seo do dhaoine atá fós ag foghlaim na teanga
Dátaí: 22 - 26 Meitheamh 2020
Táillí Teagaisc & Táillí Lóistín
Táille Teagaisc: €260.00
Táille Lóistín (Lánlóistín):
- Seomra singil: €280.00
- Seomra roinnte (ag roinnt le duine amháin eile): €205.00
Tá lóistín ar fáil ó thráthnóna Dé Domhnaigh (suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (lón san áireamh).
Déan Iarratas
Tá bróisiúr faoi na dianchúrsaí le foirm iarratais ar fáil i bhfoirm PDF: | ![]() |
Is féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh anseo.
Tuilleadh eolais
An Rúnaí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
T: +353 91 494600
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2024 PDF (1 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (216 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)