Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
![]() |
Taighde |
|
Tá sé meáite ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta tabhairt faoi ghné thábhachtach eile dá straitéis forbartha d'Ollscolaíocht Ghaeilge. Déanfar é seo trí ionad taighde a bhunú sa Ghaeltacht le deiseanna taighde agus forbartha, comhairleoireacht agus tacaíocht fiontraíochta a chur ar fáil do chéimithe tríú leibhéal ón nGaeltacht agus do chéimithe eile le Gaeilge ó cheantair eile. Forbrófar Ionad Taighde faoi scáth an Acadaimh, a áireoidh gníomhaíochtaí oideachais, taighde agus forbartha, comhairleoireacht agus fiontraíocht i gcomhthéacs comhtháite. Beidh sé mar phríomchuspóir ag an Ionad Taighde feidhmiú mar ionad eiseamláireach, mar ionad barrfeabhais, mar acmhainn agus mar phointe tagartha ar bhonn Gaeltachta agus náisiúnta, chun taighde agus scoláireacht den scoth a spreagadh agus a chur chun cinn, a chuirfeas le forbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Cothóidh an tIonad Taighde cultúr agus deiseanna taighde agus scoláireachta den scoth sa Ghaeltacht do chéimithe ón nGaeltacht agus do chéimithe eile le Gaeilge. Mar thosaíocht, déanfaidh an tIonad Taighde cúram do bhunú clár leathan taighde agus scoláireachta i réimsí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do shainriachtanais na Gaeltachta: pleanáil teanga, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, aistriúchán, na meáin, forbairt phobail, gnó agus fiontraíocht le béim ar chianseirbhísí agus na healaíona cultúrtha agus oidhreachta. |
Cuspóirí an Ionaid |
| Scoláireachtaí agus sparánachtaí a bhronnadh ar chéimithe Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht, a bhfuil ardchumas iontu le dul i mbun taighde agus forbartha sa Ghaeltacht. Déanfar an obair ar ábhair atá tábhachtach d’fhorbairt inmharthana na Gaeltachta mar phobal teanga ar leith.
Áiseanna agus timpeallacht a chruthú, trína mbainfidh céimithe barréifeacht taighde agus fiontraíochta amach, óna n-eascróidh smaointe nua, cruthaíocht agus nuáil do chur chun cinn táirgí agus seirbhísí nua sa Ghaeltacht. Cur le cruthaíocht, scileanna fiontraíochta agus scileanna bainistíochta chéimithe ón nGaeltacht. Déanfar é seo trí dheis a thabhairt dóibh oibriú mar bhaill d’fhoireann a mbeadh taighdeoirí, stiúrthóirí acadúla, meantóirí gnó agus bainisteoirí tionscadal orthu. |
An Staidéar Teangeolaíoch |
|
Foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a réitigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA), Ollscoil na hÉireann, Má Nuad le déanaí. Is iad an Dr Conchúr Ó Giollagáin, Seosamh Mac Donnacha, Fiona Ní Chualáin agus Aoife Ní Shéaghdha ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Mary O’Brien ón Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA) údair na tuarascála. Cuireadh an tuarascáil seo le chéile don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca leis an gconradh taighde a thionscain an Roinn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Is é atá mar phríomhaidhm leis an tuarascáil chríochnaitheach seo anailís a dhéanamh agus faisnéis a chur ar fáil a thugann léargas chomh cruinn agus is féidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Is é seo an píosa taighde is cuimsithí a rinneadh ar an nGaeltacht ó bunaíodh an stát. Ceist íogair faoi inmharthanacht oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta a bhí faoi chaibidil ag údair an staidéir agus tá suntas náisiúnta agus idirnáisiúnta á thabhairt d’impleachtaí an taighde ó foilsíodh anuraidh é (Samhain 2007). Tá an leagan iomlán den tuarascáil Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, an leagan achomair den taighde i nGaeilge agus i mBéarla agus aguisíní an taighde le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
www.pobail.ie/ie/anghaeltacht/anstaidearteangeolaioch/
|
