Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Céard é?Is éard atá i gceist leis an gCainéal ná córas seachadta acmhainní foghlama digiteacha a mbeidh fáil air i measc chainéil eile iTunes U ar an Idirlíon. D'fhorbair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG, an Cainéal do COGG le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cé air a bhfuil sé dírithe?Tá 300 mír fhoghlama ó bhunábhar i gCartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar i gCartlann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge féin tugtha chun forbartha ar bhonn píolótaigh don Chainéal nua. Is ar theagasc na Gaeilge agus ar an teagasc trí Ghaeilge i ranganna 5 agus 6 i mbunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge atá na hacmhainní seo dírithe. Tá idir fhuaim agus fhís sna míreanna foghlama ina bhfuil amhráin á gcasadh, dánta á n-aithris, scéalta spraíúla á n-insint, eolas á roinnt agus míreanna staire á gcur i láthair i gcanúintí éagsúla. Tá acmhainní foghlama atá feiliúnach do spriocghrúpaí eile ar fáil ar an gCainéal freisin.
Plean Foghlama
Leagtar an-bhéim ar shealbhú shaibhreas na Gaeilge sna míreanna. In éineacht leis na hacmhainní féin, tá plean foghlama deartha a bheidh mar áis sa seomra ranga ag múinteoirí bunscoile agus iad ag úsáid na míreanna foghlama. Chuaigh an tionscadal i muinín saineolaithe ábhar agus múinteoirí bunscoile a bhfuil tuiscint dhomhain acu ar riachtanais fhoghlama teanga daltaí bunscoile. Cuireann an plean foghlama a dearadh mar dhlúthchuid den chainéal béim ar fhorbairt scileanna éisteachta agus scileanna labhartha trí ghníomhaíochtaí réamhéisteachta, gníomhaíochtaí le linn éisteachta agus gníomhaíochtaí iar-éisteachta chomh maith le cur síos ar ábhar agus ar shaibhreas na míreanna sa mbailiúchán. |
Éist leis an gcainéal anoisMá tá iTunes ar do ríomhaire agat, is féidir an cainéal a oscailt díreach trí chliceáil anseo Mura bhfuil iTunes ar do ríomhaire agat cheana féin, féach ar na treoracha simplí seo . |
