Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Ionad an Acadaimh: Campas na hOllscoile |
![]() |
Campas na hOllscoile |
|
Is campas faoi leith é campas OÉ Gaillimh de bharr chomh gar is atá sé do Ghaeltacht Chonamara. Úsáidtear an Ghaeilge mar chuid lárnach den saol sóisialta agus acadúil, agus léirítear an timpeallacht shaibhir chultúrtha a bhaineann leis an dátheangachas sa chathair agus san ollscoil.
|
Cúrsaí Gaeilge do Mhic Léinn |
|
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na gcúrsaí trí mheán na Gaeilge, do ghníomhaíocht taighde agus seirbhísí eile. Cuireann an tAcadamh cúrsaí dioplóma & dianchúrsaí Gaeilge ar fáil do mhic léinn na hOllscoile ar champas na hOllscoile. Tá na cúrsaí seo a leanas á reáchtáil ar champas na hOllscoile:
|
Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéil A2, B2, C1) |
Dioplóma sa Ghaeilge (Dlí) |
| Is clár dhá bhliain páirtaimseartha é an cúrsa seo ar féidir
le mic léinn é a dhéanamh i dteannta an ghnáthchúrsa céime nó iarchéime atá á dhéanamh acu. Cuirtear an clár ar fáil ag trí leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge, ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa. |
Is clár páirtaimseartha dhá bhliain é seo do mhic
léinn atá ag déanamh staidéir ar an Dlí. Is féidir le mic léinn an clár seo a dhéanamh i dteannta an ghnáthchláir chéime/iarchéime atá á dhéanamh acu. Caithfidh pas i nGaeilge Ardleibhéil san Ardteistiméireacht a bheith ag duine chun go bhfaighidh sé/sí áit ar an gclár seo. |
|
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na Dioplómaí seo, téigh i dteagmháil le:
Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Fón: 091-495248 / 091 493061 r-phost: andioplomasaghaeilge oegaillimh.ie |
![]() |
![]() |
Gearrchúrsaí Gaeilge |
Cúrsaí Gaeilge do Mhic Léinn Idirnáisiúnta |
| Reáchtáiltear gearrchúrsaí Gaeilge i rith na bliana do mhic
léinn nach bhfuil uathu clár dioplóma a dhéanamh. I dteannta na gcúrsaí ginearálta sin, reáchtáiltear cúrsaí teanga a bhaineann le réimsí sainspéise nuair a bhíonn an t-éileamh ann. |
Reáchtáiltear cúrsaí speisialta bonnleibhéil do mhic
léinn idirnáisiúnta ar mian leo roinnt eolais a fháil maidir leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann. Tá an Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal A2) ar fáil do na mic léinn seo chomh maith. |
Cúrsaí sa Ghaeltacht |
|
Cuireann an tAcadamh cúrsaí ar fáil sa Ghaeltacht do mhic léinn ar spéis leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus blaiseadh a fháil de shaol na Gaeltachta. Cuirtear na cúrsaí seo ar fáil sa Ghaeilge agus i réimsí eile cosúil leis an nGàidhlig, an tAistriúchán, an Ríomhaireacht Fheidhmeach agus an Chumarsáid. Bíonn scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn chun cabhrú leo freastal ar na cúrsaí seo. I dteannta na gclár sin, cuirtear gearrchúrsaí eile ar fáil ar iarratas nuair is féidir.
|
|
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí seo, téigh i dteagmháil le:
Caitríona Leather Áras na Gaeilge Fón: 091-495248 / 091 493061 r-phost: caitriona.nichoirbhin oegaillimh.ie
|
Seirbhísí |
|
Ina theannta sin tá seirbhísí eile ar fáil in Áras na Gaeilge do mhic léinn agus don fhoireann ar mian leo bualadh le comhluadar Gaeilge eile san Ollscoil nó ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a chleachtadh. Ar na seirbhísí atá i gceist tá:
|
Timpeallacht Ghaeilge |
|
Bíonn fáilte i gcónaí san Áras roimh mhic léinn agus roimh chomhaltaí foirne le Gaeilge nó a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Ar na himeachtaí a reáchtáiltear ó am go chéile leis an gcomhluadar Gaelach a thabhairt le chéile, tá:
Chomh maith leis sin is i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge a bhíonn drámaí, díospóireachtaí agus imeachtaí eile ag Cumainn Ghaelacha na hOllscoile.
|
Foireann an Ionaid |
|
Príomhfheidhmeannach Comhordaitheoir Acadúil Ceannasaí Bainistíochta Aistriúchán Oideachas Pleanáil Teanga
|
Gaeilge Labhartha
Riarachán Margaíocht |
