Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Eolas faoi Ghaoth Dobhair |
Cultúr & Craic |
|
Tá clú agus cáil ar an cheantar seo mar gheall ar an bhorradh cultúrtha atá faoin áit go háirithe i réimse an cheoil agus tá cuid mhór ceoltóirí cáiliúla síolraithe ón cheantar: Clannad, Enya, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, Skara Brae, Aoife Ní Fhearraigh, Dominic Mac Giolla Bhríde, Gearóidín Breathnach, Lillis Ó Laoire agus araile. Bíonn deis ag mic léinn freastal ar ranganna ceoil, páirt a ghlacadh sna seisiúin cheoil a bhíonn ar siúl sa cheantar nó páirt a ghlacadh i gcór áitiúil cosúil le Cór Thaobh a’ Leithéid. Bíonn seisiúin bhríomhara ceoil thraidisiúnta ar siúl sa teach leanna cháiliúil, Tábhairne Hiúdaí Bhig gach oíche Luain, ina mbíonn ceoltóirí cosúil le Clann Uí Mhaonaigh, Ian Smith, agus Dominic Mac Giolla Bhríde páirteach go minic agus is iomaí uair a bhíonn mic léinn na hollscoile ag seinm i dteannta leo agus ag baint an-sult agus an-taithí as an oíche. Tá an drámaíocht go láidir sa cheantar. Bíonn Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag léiriú drámaí san amharclann agus ag taifeadadh sraitheanna teilifíse agus raidió mar Cois Cuan, CU Burn, Gleann Ceo agus FFC sa cheantar. Bíonn mic léinn na hollscoile páirteach sna gníomhaíochtaí seo go minic. Tá na healaíona breá láidir anseo fosta, le healaíontóirí áitiúla ag cur taispeántais ar fáil sa Ghailearaí agus bíonn cúrsaí ealaíne a reáchtáil ag Cló Ceardlann na gCnoc agus ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Mar sin de is ceantar beo bríomhar atá i nGaoth Dobhair agus bíonn deis ag mic léinn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha. Taobh amuigh de na himeachtaí cultúrtha seo, tá neart tithe leanna bríomhara sa cheantar ar nós Tí Sheáin Óig, ina mbíonn ceol de gach cineál le cloisteáil agus craic ar dóigh. Teach leanna cháiliúil eile ná Tábhairne Leo, teach leanna de chuid Chlann Uí Bhraonáin (Clannad agus Enya). Is féidir freastal ar dhioscó sa Millennium Club in Óstán Radharc na Mara i rith na bliana agus i gclubtheach CLG Ghaoth Dobhair. Is ceantar tuaithe atá i nGaoth Dobhair leis na háiseanna nádúrtha uile a bhaineann le ceantar tuaithe, tránna fada neamhthruaillithe, sléibhte agus cnoic le haghaidh siúlóidí. Is fiú cinnte an Earagail mhaorga nó an Mhucais mhaol a dhreapadh nó dul faoi choinne siúlóide i gCró Nimhe i nDún Lúiche nó thart ar Chnoc Fola agus radhairc áille na n-oileán amach ón chósta a fheiceáil. Is aoibhinn í Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, a bhfuil clú agus cáil uirthi de bharr an chaisleáin agus na ngairdíní ina raibh réaltaí Hollywood ag fanacht i lár an chéid seo caite. Don té sin a bhfuil suim aige san iascaireacht, tá neart deiseanna ann iascaireacht mhara agus iascaireacht in aibhneacha a chleachtadh. B'fhiú go mór oileáin na háite a fheiceáil. Téann bád farantóireachta Thoraí isteach go Toraigh go rialta agus freastalaíonn bád farantóireachta Ghabhla ar Ghabhla. |
Lóistín |
|
Má bhíonn aon deacracht ag mic léinn na hollscoile lóistín a fháil sa cheantar; tá gach sórt lóistín ar fáil, idir thithe saoire, árasáin, thithe lóistín agus óstlanna. Téigh i dteagmháil le foireann an Ionaid le cuidiú a fháil faoi choinne lóistín a shocrú. |
Córas Iompair |
Bus |
Aer |
|
|
Córas Leighis | |
Dochtúirí |
Fiaclóirí |
|
Guthán: 00 353 74 953 2445. |
|
Seirbhísí | |
| Ionad Níocháin | Ionaid Ealaíona |
|
|
Bia & Deoch | |
| Bialanna | Caifí |
Fón: 00 353 (0)74 9532900 Fón: 00 353 (0)74 9548201 Fón: 00 353 (0)74 9531159 Fón: 00 353 (0)74 9560954 Fón: 00 353 (0)74 9548143 Fón: 00 353 (0)74 9531173 Fón: 00 353 (0)74 9531177 |
|
| Caife Beir Leat (Take Away) | Pubanna |
|
|
Féilte |
| Is iomaí féile ealaíne agus chultúrtha a bhíonn ag gabháil ar aghaidh i nGaeltacht Thír Chonaill |
|
Spórt & Spraoi |
|
Tá neart áiseanna spóirt i ndeas don Ionad. Tá páirceanna imeartha faoi choinne sacair agus peil ghaelach anseo agus i rith an gheimhridh is féidir peil nó cispheil faoi dhíon a imirt i gclubtheach CLG Ghaoth Dobhair. Más fearr leat imirt amuigh faoin aer, tá páirc sacair Astroturf le soilse ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá linn snámha agus giomnáisiam ar fáil in Óstán Ghaoth Dobhair, a thugann lascaine do mhic léinn na hollscoile. Tá Galfchumann Ghaoth Dobhair ann fosta, le cúrsa fíorálainn 9 bpoll in aice leis an fharraige. Bíonn réimse leathan ranganna oíche ag gabháil ar aghaidh sa cheantar: ióga, tai chi, aclaíocht agus mar sin de. |
