Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Eolas faoi Charna |
Sorcha Ní Ghuairim |
| Bean léinn, iriseoir agus sáramhránaí sean-nóis ón gceantar ba ea Sorcha (1911 - 1976), arbh é mian a croí an Ghaeilge agus cultúr na Gaeltachta a chothú agus a chur chun cinn. Ainmníodh an tIonad seo i gcuimhne uirthi. |
An Cultúr Áitiúil |
|
Tá an tIonad suite in Iorras Aithneach, ceantar a bhfuil clú agus cáil air de bharr saibhreas a oidhreachta cultúrtha. Tá turas oideachasúil agus cultúrtha ar leith ar fáil don mhac léinn a thugann faoi chúrsa léinn san Ionad seo. Tá traidisiún láidir amhránaíochta, ceoil, damhsa Gaelach agus bádóireachta fite fuaite i gcultúr ársa an cheantair. D'fhéadfá a rá gurb é an áit is fearr in Éirinn é leis an bhfíoréagsúlacht Ghaeltachta agus Ghaelach, atá beo beathach sa cheantar i gcónaí, a bhlaiseadh ó thaobh na teanga agus an chultúir. Faigheann an mac léinn léargas uathúil ar an teanga dhúchasach, ar na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha agus ar an gcultúr i mbealaí a léiríonn samhlaíocht, réalachas agus an spioradáltacht ar leith a bhaineann le muintir na háite seo agus an cheantair máguaird trí chéile. Bíonn na téamaí seo le blaiseadh agus á gceiliúradh le linn féilte seoltóireachta na mbád traidisiúnta, le linn oícheanta airneáin, cainte agus craice sa cheantar agus le linn mórimeachtaí cultúrtha eile ar nós Féile Chomórtha Joe Éinniú (Seosamh Ó hÉanaí) a mheallann ealaíontóirí agus scoláirí an traidisiúin Ghaelaigh go hIorras Aithneach agus na sluaite leo, idir óg agus sean. |
![]() |
![]() |
![]() |
An Timpeallacht |
|
Tá áilleacht timpeallachta ar leith ag baint le ceantar Iorrais Aithnigh.
Is furasta teacht ar thránna geala bána, ar chuanta foscúla agus ar shiúlóidí le radharcanna breátha agus ní bheidh tú riamh i bhfad ón bhfarraige. Amach ó chósta an cheantair tá oileáin bheaga áille ar nós Oileán Mhic Dara, naomhphátrún an cheantair; leis na cianta bíonn ceiliúradh ann lá an phátrúin - 16 Iúil - le hoilithreacht go dtí an Oileán. I measc na nOileán eile spéisiúla tá Oileán Fhínise agus Bior. Eagraítear turais go dtí na hoileáin seo mar chuid de chlár cultúrtha agus oidhreachta na gcúrsaí. Tá ceantar Iorrais Aithnigh breac le suímh sheandálaíochta ar a n-áirítear Teampall Mhaorais, séipéal meánaoiseach an phobail áitiúil; Aireagal Mhic Dara, séadchomhartha náisiúnta a cheaptar a bheith mar chuid den mhainistir a bhí ar Oileán Mhic Dara; agus Caisleán Thadhg na Buile a tógadh thart faoin mbliain 1574 agus a mbíodh Tadhg na Buile Ó Flatharta ina chónaí ann. |
An tIonad |
|
Tá sé mar ráiteas misin ag an Ionad an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chothú agus a chur chun cinn ar bhonn gníomhach trí thionscnaimh oideachasúla, chultúrtha agus forbartha pobail.
Tá cúrsaí ollscoile ag leibhéal fochéime á gcur ar fáil sa ríomhaireacht, sa riarachán gnó, sa bhéaloideas agus sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá cláir oiliúna agus taighde iarchéime á dtairiscint ag an Ionad i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise freisin. Tá saincheisteanna teangeolaíochta, ríomheolaíochta, forbartha pobail agus na sochaí comhaimseartha ina dtéamaí ábhartha ar an gclár taighde níos leithne atá á chur chun cinn san Ionad freisin. |
![]() |
An Cultúr Dúchais |
|
Tá sé mar ról ag an Ionad tacú le caomhnú an chultúir dhúchasaigh, a áiríonn seoda traidisiúnta na dúiche ar nós an bhéaloidis. Chuige seo tá cláir léinn agus forbartha idir lámha ag an Ionad a chuirfidh go mór le cumas cheantar Iorrais Aithnigh luach breise a ghiniúint ó thurasóireacht teanga-lárnaithe agus cultúr-lárnaithe a chur chun cinn, rud a mheallfaidh idir chuairteoirí agus scoláirí go dtí an limistéar. Cuirtear áiseanna agus tacaíocht ar fáil don phobal áitiúil freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí a cheiliúrann agus a chleachtann cultúr agus ealaíona traidisiúnta na Gaeltachta - le linn féilte, ceardlanna agus tionóil éagsúla a mbíonn idir óg agus sean ag freastal orthu. Tugann na hócáidí seo deis d’ealaíontóirí an traidisiúin Ghaelaigh trí chéile a gceird a chur i láthair an phobail. Cuireann gníomhaíochtaí mar seo go mór le mórtas pobail an cheantair mar a bhaineann sé le meas ar an nGaeilge agus ar chultúr dúchasach an cheantair. |
