Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
|
Máirtín Ó Cadhain |
|
Ainmníodh Ionad an Acadaimh: An Cheathrú Rua in ómós Mháirtín Uí Chadhain.
Gan amhras, is é an dráma cáiliúil, Cré na Cille, mórshaothar litríochta an Chadhnaigh. Tá an tIonad suite i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua, áit atá i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, timpeall agus leathuair an chloig siar ar bhóthar an chósta ó Chathair na Gaillimhe. |
An Ghaeltacht |
|
Is ceantar láidir Gaeltachta é ceantar na Ceathrún Rua agus tá clú agus cáil air i bhfad agus i ngearr mar is ceantar é a bhfuil tarraingt na ndaoine air leis na blianta. Meallann áilleacht na háite, nádúr na ndaoine, saibhreas an chultúir agus, ar ndóigh, líofacht na Gaeilge, an cuairteoir ar ais go dtí An Cheathrú Rua bliain i ndiaidh bliana. Tá An Cheathrú Rua buailte ar an gcósta agus tá cáil mhór ar a cuid tránna glana, Trá an Dóilín (trá choiréalach) san áireamh. De bharr cáil a cuid áilleachta, tá an-tarraingt ar an áit ag ealaíontóirí, amhránaithe sean-nóis, lucht seoltóireachta agus tá dreach tíre Chonamara mar inspioráid ag lucht ealaíne, ceoil agus litríochta mar is léir ón iliomad saothar atá bunaithe ar an gceantar. Tá deis ag an mac léinn le linn dó nó di a bheith ag freastal ar chúrsa ollscoile san Ionad an sean agus an nua a fheiceáil ag sní trí chéile - an ceol, na tionscail, na hamhráin, an damhsa, an teicneolaíocht, na féilte bád, an dúlra. Tá ar chumas an mhic léinn a bheith lánpháirteach i gcultúr sainiúil na Gaeltachta. Tá áiseanna den scoth ar fáil san Ionad. Tá trí ríomhlann ann, ina bhfuil bogearraí agus trealamh cumarsáide, teicneolaíocht faisnéise agus aistriúcháin, stiúideo fuaime, seomra stiúrtha, seomra eagarthóireachta, seomra iarléirithe teilifíse agus seomraí ranga. Tá rochtain ann ar gach seirbhís a chuireann an Ollscoil ar fáil tríd an Idirlíon do mhic léinn. |
Lóistín |
|
Tá go leor roghanna éagsúla ar fáil maidir le lóistín i gceantar na Ceathrún Rua. Tá tithe ar cíos, árasáin, tithe lóistín, agus óstlanna ann. Cuireann an tIonad liosta cuimsitheach lóistín ar fáil do mhic léinn a dhéanann cúrsaí linn. |
Córas Iompair |
|
Córas Leighis | |
Dochtúirí |
Cógaslanna |
|
|
|
Seirbhísí | |
| Leabharlann | Banc |
Fón: 00 353 91 595 733 |
|
| An Post | Heaicní |
|
|
| Caife Idirlín | Gruagairí |
|
|
| Dvdanna ar Cíos | |
|
|
Clubanna |
|
Tá cumann drámaíochta ar an gCeathrú Rua, freisin.
|
Na Meáin |
|
|
Tá tionscal na meán Gaeilge an-láidir i gConamara agus is amhlaidh atá lena lán eagraíochtaí agus gnólachtaí eile atá teanga-lárnaithe. Tá ceanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta ar leac an dorais againn i gCasla agus Teilifís na Gaeilge 20 nóiméad soir an bóthar i mBaile na hAbhann. Is ar an gCeathrú Rua a fhoilsítear an nuachtán náisiúnta Gaeilge Foinse. Tá go leor cuideachtaí físe sa cheantar freisin, cosúil le Telegael, EO Teilifís, Gaelmedia, agus Abú Media. Tá an chuideachta foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnachta lonnaithe thoir in Indreabhán. Tá ceanncheathrú Údarás na Gaeltachta sna Forbacha chomh maith leis An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá tionscal an aistriúcháin ag forbairt sa cheantar freisin agus cuideachtaí ar nós Europus agus TMI ag cur seirbhísí aistriúcháin agus fotheidealaithe ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá dhá Choláiste Samhraidh Gaeilge ar an gCeathrú Rua: Coláiste Cholumba agus Coláiste Chiaráin.
|
![]() |
