|
Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Bríd Seoige. Rinne sí céim B.A. sa Ghaeilge agus sa Stair (1997), mar aon le Dioplóma Iarchéime i Staidéar Gnó (1999). Tá Dioplóma i gCaidreamh Poiblí bainte amach aici freisin leis an Irish Academy of Public Relations.
Tá naoi mbliana caite aici ag obair i réimse na margaíochta agus cumarsáide/caidrimh phoiblí, agus le trí bliana anuas tá sí ag obair mar Fheidhmeannach Margaíochta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is institiúid lán-Ghaeilge de chuid OÉ, Gaillimh é an t-Acadamh a chuireann cúrsaí fochéime & iarchéime den scoth chun cinn trí mheán na Gaeilge. Mar Fheidhmeannach Margaíochta, tá sí freagrach as clár margaíochta & cumarsáide, brandáil an Acadaimh, straitéis earcaíochta fochéime & iarchéime a fhorbairt, cumarsáid inmheánach agus sheachtrach a fhorbairt, feachtais chomhtháite mhargaíochta agus chumarsáide a fhorbairt agus caidreamh poiblí.
|