Gearóid Ó Cadhain, B.sc
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Ríomhaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Carna,
Co. na Gaillimhe,
Éire.
095 - 32834
095 - 32836
gearoid.ocadhain oegaillimh.ie
|
|
Is as Árainn do Ghearóid. Bhain sé céim amach in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht ó Fhiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chaith sé trí bliana ag obair i réimsí éagsúla sa tionscal ríomhaireachta in Éirinn agus thar lear.
Thosaigh Gearóid ag obair mar theagascóir san Ionad i mí Mheán Fómhair 2001 agus tá sé fostaithe mar fheidhmeannach ríomhaireachta ó shin. Múineann Gearóid modúil ríomhaireachta ar chláir Dhioplóma an Aonaid Ríomhaireachta. Bíonn sé ag teagasc freisin ar mhodúil ríomhaireachta de chúrsaí an Aonad Cumarsáide agus ar ghearrchúrsaí ríomhaireachta. Tacaíonn sé freisin le cothabháil na gcóras ríomhaireachta san Acadamh.
Tá sé ar tí céim M.Sc. sa Ríomhaireacht a bhaint amach ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Tá taighde déanta aige ar úsáid chóras wiki mar mhodh stórála agus bainistíochta le haghaidh bailiúchán bhéaloidis. Tá spéis aige ar thionchar teicneolaíochtaí nua ar chúrsaí oideachais agus modhanna múinteoireachta.