Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Teideal:
|
Feidhmeannach Ríomhaireachta
|
|
Beathaisnéis |
Is de bhunadh na nOileán é Michael.
Thosaigh sé ag obair le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh i 1989. Tá sé i bhfeighil na Rannóige Ríomhaireachta in Ionad na Ceathrún Rua agus i Seanscoil Shailearna, Indreabhán.
Bíonn ranganna oíche ríomhaireachta á mbainistiú aige do dhaoine fásta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá sé ceadaithe mar scrúdaitheoir ag ECDL Éireann agus mar riarthóir ar chúrsaí ECDL in Oifig na Gaeilge Labhartha.
Bhí sé i gceannas ar an togra SpeakWrite, ríomhchlár a úsáideann foghlaimeoirí leis an nGaeilge a fhoghlaim. I 1999 bhain SpeakWrite Gaeilge Gradam Séala na hEorpa ar Nuálacht i dTeagasc agus i bhFoghlaim Teangacha, gradam a bhí bronnta ag Coimisiún na hEorpa agus ag Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
Chaith sé cúig bliana déag mar Rúnaí ar Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir agus bhí sé mar rúnaí ar choiste eagrúcháin Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a bhí i Leitir Móir in 2002. Tá sé ag feidhmiú ar Choiste an Chumainn i mbliana mar Oifigeach Óige, freagrach as cluichí, oiliúint agus campaí samhraidh d'óige cheantar na nOileán.
Tá sé ina bhainisteoir ar an bhFoireann faoi 12. Imríonn sé spórt go hidirnáisiúnta agus is é an captaen atá ar fhoireann Rugbaí Chathaoir Rothaí na hÉireann é.
Ar an obair dheonach eile a dhéanann sé tá sé ina:
