Is as Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair ó dhúchas d'Éamonn.
D’fhreastail sé ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim B.A. amach i Margaíocht Idirnáisiúnta agus Teangacha (Fraincis agus Gearmáinis). Mar chuid den chúrsa sin, chaith sé bliain ag staidéar i mBeirlín (Technische Universitaat).
Ar chríochnú an chúrsa dó, chaith sé seal ag staidéar cúrsaí margaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Ollscoil San Francisco mar chuid den Scéim Forbartha Easpórtála.
Tá tréimhsí caite aige ag obair mar bhainisteoir margaíochta i Meiriceá agus sa Fhrainc agus mar bhainisteoir léiriúcháin teilifíse agus scannáin.
Foilseacháin
'An Ghaeilge i nGaoth Dobhair - Cad is féidir a dhéanamh lena buanú?'
Feasta, Meitheamh 2003.
Léacht a tugadh
’An Ghaeilge i nGaoth Dobhair - Cad is féidir a dhéanamh lena buanú?’
Tugadh an léacht seo do Chomhchoiste an Oireachtais ar Ealaíona, Spórt, Turasóireacht, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an 14 Bealtaine 2003.
Tá téacs na léachta seo le fáil ar láithreán an Oireachtais.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 03 / 09 / 2008