Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Séamas Ó Concheanainn, B.A, A.D.T.F,
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Riarthóir Ionad Charna
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Carna,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
095 - 32834
095 - 32836
seamas.oconcheanainn oegaillimh.ie
|
|
Is ón Spidéal i nGaeltacht Chonamara do Shéamas ó dhúchas.
Gníomhaíochtaí san Ollscoil |
Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad é. Thosaigh sé ag obair leis an Ollscoil in Áras Shorcha Ní Ghuairim (Ionad an Acadaimh: Carna) i 1998. Le linn do Shéamas a bheith ag feidhmiú mar riarthóir ar hIonad Charna, tá forbairt déanta ar chúrsaí fochéime agus ar chúrsaí iarchéime a áiríonn clár M.Sc. trí thaighde sa Teicneolaíocht Faisnéise i gcomhar le Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise.
Tá stiúradh á dhéanamh aige freisin ar reáchtáil na gcúrsaí ríomhaireachta réamhluaite in Ionad na Ceathrún Rua agus in Ionad Ghaoth Dobhair. Tá béim leagtha aige i gclár oibre an Ionaid i gCarna ar chaomhnú acmhainn uathúil chultúrtha an limistéir trí ghníomhaíochtaí éagsúla a áiríonn:
-
Modhanna nuatheicneolaíocha a úsáid le caomhnú a dhéanamh ar stór saibhir béaloidis ón limistéar.
-
Úsáid phraiticiúil chomhaimseartha a aimsiú don saibhreas áitiúil seo trí chúrsaí a fhorbairt i réimse an bhéaloidis, mar atá déanta i gcomhar le Scoil na Gaeilge.
-
Tacú le grúpaí éagsúla féilte agus ócáidí cultúrtha a reáchtáil sa limistéar.
-
Ball de Bhord Bainistíochta Scoil Phobail Mhic Dara, Carna ó 2003, ról a áiríonn gníomhú ar bhord ceapacháin na Scoile ar bhonn rialta.
-
Comhordaitheoir ar thionscadal tráchtála don chuideachta campais Gaelstór Teo., tionscadal a áiríonn pacáistí tacaíochta teanga a chruthú do spriocghrúpaí éagsúla.
-
Maor ar Chomhar Creidmheasa Cholm Cille, Indreabhán faoi láthair agus iar-bhall den Bhord Stiúrtha.
-
Ról lárnach sa taighde a ghnóthaigh acmhainní suntasacha stáit le Clár Forbartha Pobail Chumas Teo., Comhpháirtíocht Chonamara agus Árann a bhunú.
-
Chaith sé dhá théarma ina Stiúrthóir ar Bhord Stiúrtha Chumas Teo. Páirtíocht Chonamara agus Árann.
-
D'fhorbair sé Plean Forbartha Ceantair do cheantar Ros Muc, plean a bhí urraithe ag Údarás na Gaeltachta.
-
D'oibrigh sé mar Fheidhmeannach Forbartha Fiontraíochta le Cumas tráth ar bunaíodh Clár Náisiúinta, an Clár Fiontraíochta Áitiúil i nGaeltacht Chonamara den chéad uair le cuideachtaí beaga a láidriú.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 03 / 09 / 2008