Treasa Uí Lorcáin, B.A, B.Oid
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Riarthóir Ionad na Ceathrún Rua
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 595801
091 - 595041
treasa.uilorcain oegaillimh.ie
|
|
Is as Ros a' Mhíl do Threasa.
Tá spéis ar leith aici san fhorbairt pobail agus réimse leathan taithí aici ann trína cuid oibre le heagraíochtaí pobail, cultúrtha, sóisialta agus teanga. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Fhéile Phléaráca Chonamara agus ina rúnaí ar Chumann Drámaíochta Chois Cuain.
Bhí Treasa ina ball de Choiste Amharclann Chonamara, Coiste Bunaithe Fhóram na Gaeltachta agus Meitheal Oibre na nAosach, Age Action Ireland.
Tá sí ainmnithe ag an Rialtas ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus is comhalta de chuid Údarás na hOllscoile, OÉ Gaillimh í chomh maith. Tá sí i láthair na huaire ina stiúrthóir ar Chumas Teo., Páirtíocht Chonamara agus Árann, ina rúnaí ar Chomharchumann Shailearna agus ina cisteoir ar Choiste Pobail Ros a' Mhíl.
Tá sí ina rúnaí ar An Fhiontarlann Teo., comhlacht de chuid na hOllscoile, ina ball de Bhord na Gaeilge, OÉ Gaillimh agus ina ball de Bhord Náisiúnta MFG Teo.
Tá céim B.Oid aici ó Choláiste Bhantiarna na Trócaire, An Charraig Dhubh.