John Dairbe Ó Flatharta
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Maor
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 595101
091 - 595041
john.dairbeoflatharta oegaillimh.ie
|
|
Is as Oileán Mhic Cionnaith i gceantar na Ceathrún Rua do John.
Tá sé mar mhaor, freastalaí agus tiománaí san Ionad. Tá sé an-ghníomhach i gcúrsaí seoltóireachta agus ina bhall ar roinnt mhaith coistí seoltóireachta. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Húicéirí na Gaillimhe.
Glacann sé páirt gach bliain i bhféilte bád ar fud chósta an Iarthair agus tá lear mór duaiseanna bainte amach aige. Tá sé ceaptha ina Chathaoirleach ar Bhord Muirchultúrtha na hÉireann. Rinne Cinegael clár teilifíse ar a shaol sa bhliain 1986 ina ndearna sé cur síos ar a shaol mar imirceoir i Sasana agus i Meiriceá.
Chaith sé blianta ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar thiománaí agus mar thógálaí.