Caroline Ní Fhlatharta
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Cuntóir Riaracháin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 595101 / 595038
091 - 595041
caroline.nifhlatharta oegaillimh.ie
|
|
Is as an gCeathrú Rua do Charoline ó dhúchas.
Chaith sí trí bliana ag obair mar fháilteoir agus rúnaí leis an stáisiún teilifíse TG4 i mBaile na hAbhann. Ó Lúnasa 2005 i leith tá sí ag obair mar Chúntóir Riaracháin in Ionad na Ceathrún Rua.
Tá Teastas i bhFeidhmiúchán Ríomhairí agus Dioplóma sa Ghaeilge aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an Cúrsa Rochtana do Mhic Léinn Aibí curtha i gcrích aici le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi láthair, tá sí ag freastal ar an Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó san Ionad, ar bhonn páirtaimseartha.
Tá an-spéis ag Caroline san aisteoireacht. Tá sí páirteach i gCumann Drámaíochta Aisteoirí Mhic Easmuinn, An Cheathrú Rua. Ghlac sí páirt i mbliana i ndráma nuascríofa a léirigh an Cumann agus a bhain gradam amach san Fhéile Náisiúnta Drámaíochta.