Tá Áine ag obair mar Rúnaí/Ceartaitheoir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Déanann sí riaradh ar sheirbhís aistriúcháin agus chomhairleoireachta teanga an Árais. Bíonn sí freagrach as obair rúnaíochta do Phríomhfheidhmeannach an Acadaimh mar aon le hobair rúnaíochta agus chléireachais na hoifige.
Chaith sí tamall ag obair leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus le Coláiste Samhraidh Cholumba.
Tá an-spéis aici sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas di.
Ba rannpháirtí í i gComórtas na nAmhrán Nuachumtha.
I measc na gcúrsaí atá déanta ag Áine tá:
Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin) – Céad Onóracha