Laoise Ní Thuairisg A.D.O., M.A.
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Pleanála Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
00 353 91 595101
00 353 91 595041
laoise.nithuairisg oegaillimh.ie
|
|
Tá Laoise ag obair mar Fheidhmeannach Pleanála Teanga in Aonad Pleanála Teanga an Acadaimh. Cuireann sí suim sa chanúineolaíocht agus sa tsochtheangeolaíocht, agus fad agus a bhí sí ag gabháil dá M.A. thug sí faoi thogra taighde neamhspleách a rinne iniúchadh ar iompar teanga i measc déagóirí cheantar Chois Fharraige.
Chaith sí seal, ag gabháil do theagasc na Gaeilge ag an dara leibhéal sular thug sí faoi theagasc na teanga ag an tríú leibhéal le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Chaith sí tréimhse, agus í ar scoláireacht Fulbright, ag teagasc agus ag staidéar in Ollscoil Notre Dame i Meiriceá. Is ball í freisin den Fulbright Alumni Association.