Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Teideal:
|
Ceannasaí Aonad na Pleanála Teanga
|
![]() |
Beathaisnéis |
Is as Baile Átha Cliath do Chonchúr.
Tá cónaí air ar an gCeathrú Rua i gConamara. Chaith sé tréimhsí éagsúla ina chónaí i Ráth Chairn, Co. na Mí, i Lublin na Polainne agus in Toronto, Ceanada.
Is é an stiúrthóir acadúil é ar an MA sa Phleanáil Teanga atá á reáchtáil ag an Acadamh. Tá tograí éagsúla taighde ar an nGaeltacht chomhaimseartha curtha i gcrích aige, idir staidéir chanúineolaíochta, antraipeolaíochta agus shochtheangeolaíochta. Cuireann sé suim ar leith i socheolaíocht pobal teanga agus sna dinimicí cainte a chleachtann siad. Tá spéis aige freisin i stair chultúrtha agus intleachtach na hÉireann, i litríocht na Nua-Ghaeilge agus i ngnéithe éagsúla den ealaíon agus léann dúchais a chleachtar i gcultúir éagsúla.
Chaith sé seal ina léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, agus i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Chaitliceach Lublin sa Pholainn. Ba bhall páirtaimsearatha de Scoil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide é, agus ag an am céanna bhí cúraimí Bhord na Leabhar Gaeilge air. Ba i 1997 a bhain sé a chéim dochtúireachta amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar oibrigh sé mar chomhalta teagaisc i Roinn na Nua-Ghaeilge.
Is comhalta seachtrach é den Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA) in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus is comhstiúrthóir é ar an tionscnamh taighde sochtheangeolaíochta atá á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta: ’Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.’ Is ball é de Choiste Comhairleach i bPleanáil Teanga de chuid Údarás na Gaeltachta agus d’fheidhmigh sé freisin mar chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Thionscnamh na Pleanála Teanga i Ráth Chairn, Co. na Mí.
Is féidir liosta foilseacháin agus ábhar taighde a fheiceáil anseo: Liosta Foilseacháin
