Dónal Ó Droighneáin, B.A., M.A.
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Carna,
Co. na Gaillimhe,
Éire.
095 - 32834
095 - 32836
donal.odroighneain oegaillimh.ie
|
|
Is as an Spidéal i gCois Fharraige do Dhónal.
Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é, áit ar bhain sé amach na céimeanna B.A. sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus M.A. sa Ghaeilge. Nuair a d’fhág sé an Ollscoil chuaigh sé ag obair mar fhotheidealóir teilifíse i dtosach, agus ansin mar aistritheoir agus mar chomhairleoir teanga féinfhostaithe. Rinne sé go leor oibre ach go háirithe i réimse na teilifíse, áit ar aistrigh sé scripteanna clár teilifíse agus thug comhairle fúthu ar bhonn teanga.
Chuaigh sé ag obair mar Fheidhmeannach Teanga in Ionad Charna i Samhain na bliana 2004. Chuir Dónal spéis ar leith i réimse an Bhéaloidis agus é i mbun staidéir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhí téama a thráchtais M.A. bunaithe ar Bhéaloideas Chonamara. Mar gheall ar a shaineolas sa réimse sin bíonn sé ag teagasc ar chúrsaí Béaloidis i gCarna, agus ag tacú le hullmhúchán agus reáchtáil na gcúrsaí sin.
Bíonn obair aistriúcháin agus phrofála ar bun aige chomh maith do na cúrsaí éagsúla eile a bhíonn ar bun san Ionad i gCarna, mar aon le bheith ag cur seirbhís tacaíochta teanga ar fáil don fhoireann agus do mhic léinn. Bíonn Dónal ag obair chomh maith ar an gcúrsa i bhforbairt acmhainní teanga atá mar chuid de Thionscnamh Pleanála Teanga Chomharchumann Shailearna.
Tá sé i gceist ag Dónal taighde a dhéanamh amach anseo ar théamaí Béaloidis ar mhaithe le hacmhainní teanga a fhorbairt astu, agus staidéar léinn a bhunú ar an mBéaloideas go háitiúil.