Thosaigh Maedhbh ag teagasc Gaeilge san Ollscoil sa bhliain 1998, agus tá sí ag obair mar Fheidhmeannach Teanga san Acadamh ó 2005 i leith. Tá céim aici sa Ghaeilge agus sa Stair ó OÉ Gaillimh.
Tá spéis aici sa tSochtheangeolaíocht Fheidhmeach agus i mórán gach gné den Ghaeilge Chomhaimseartha. Tá spéis ar leith aici i ngearrscéalta deireanacha Mháirtín Uí Chadhain agus tá trí cinn díobh á n-aistriú go Béarla aici faoi láthair. Tá críoch curtha aici le Ph.D. ar an mBrídseanchas – suirbhé cuimsitheach ar na foinsí sin a bhaineann le cultas Bhríd Naofa ó c. 600 – c. 1200.
Tabharfaidh Maedhbh an bhliain acadúil 2008-2009 mar Fulbright Irish Language Scholar i mBoston College, áit a dtiomsóidh sí catalóg de lámhscríbhinní an fhile Nuala Uí Dhomhnaill.
Foilseacháin
2000 ’An Cheathrú Rua’, Pobal na Gaeltachta A scéal agus a dhán. Eagaí. Gearóid Ó Tuathaigh, Liam Lillis Ó Laoire agus Seán Ua Súilleabháin (Indreabhán: CIC 2000: athchló 2004), 357-82.
Léachtaí
2008: ’Traidisiún Naomhsheanchais na hÉireann anuas go dtí 1200’, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
2008: ’Brigit Bhuadhach: Ceann Feadhna na nGael’, Áras Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
2006: Tús na Litearthachta in Éirinn’, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 03 / 09 / 2008