Lisa Ní Fhlatharta, b.A., M.A.
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh,
Éire.
091 - 495451
091 - 526509
lisa.nifhlatharta oegaillimh.ie
|
|
Is as an gCeathrú Rua, i gConamara do Lisa.
Is Feidhmeannach Teanga í Lisa in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is é an príomh-dhualgas atá uirthi ná cur i bhfeidhm Scéim Teanga na hOllscoile maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ar champas na hOllscoile chomh maith le cúrsaí teanga a dhearadh agus a mhúineadh.
D’oibrigh Lisa go páirtaimseartha mar theagascóir le Scoil na Gaeilge, áit a bhfuair sí taithí fhairsing ar mhúineadh cúrsaí litríochta, gramadaí agus labhairt na Gaeilge. Mhúin sí ar dhianchúrsaí d’Eachtrannaigh in Áras Mháirtín Uí Chadhain, chomh maith le cúrsaí d’fhoireann na hOllscoile ag leibhéil éagsúla.
Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht agus MA sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. dár teideal ’Scoileanna Éigse agus Seanchais Ghaeltacht na Gaillimhe 1957-1990’.