Dorothy Ní Uigín, M.A, Ph.D
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh,
Éire.
091 - 493493
091 - 526509
dorothy.niuigin oegaillimh.ie
|
|
Is as Cathair na Gaillimhe do Dhorothy.
Is í Stiúrthóir Acadúil an Dioplóma sa Ghaeilge, Leibhéal C1 í agus an tSaindioplóma do Lucht an Dlí. Tugann sí sainchúrsaí do mhic léinn leighis agus do mhic léinn altrachta chomh maith, agus modúl ar Stair an Aistriúcháin in Éirinn do lucht Léann an Aistriúcháin. Tá spéis ar leith aici i modhanna nuálacha múinteoireachta i gcás teangacha, i stair an aistriúchin in Éirinn agus i stair na meán clóite Gaeilge.
Tá sí ag obair san Ollscoil seo ó bhí 1991 ann.
Tá céim BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aici, MA agus PhD sa Ghaeilge chomh maith le MA sa Litríocht agus san Fhoilsitheoireacht ó Roinn an Bhéarla, OÉ Gaillimh. Bhain sí amach Teastas Iarchéime i dTeagasc agus i bhFoghlaim san Ardoideachas sa bhliain 2009, agus tá Dioplóma Iarchéime sa Chleachtas Acadúil á chríochnú aici faoi láthair.
Tá liosta foilseachán le fáil ag an nasc thíos.
(Liosta Foilseacháin faoi iamh)