Daithí Ó Madáin, M.A, B.A, A.D.O, Ard Diop. Aistriúcháin
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh,
Éire.
091 - 495449
091 - 526509
daithi.omadain oegaillimh.ie
|
|
Bíonn Daithí ag múineadh cúrsaí teanga ar an gCampas agus in Áras Mháirtín Uí Chadhain araon. Dearann sé cúrsaí teanga dírithe ar spriocghrúpaí d’fhoghlaimeoirí éagsúla agus bíonn sé ag plé le Scéim Teanga na hOllscoile ar champas na hOllscoile, maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.
Bhain sé a chuid cáilíochtaí amach mar mhac léinn aibí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Tá taithí fhairsing aige a bheith ag múineadh na Gaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais agus tá máistreacht i modheolaíochtaí do theagasc teangacha bainte amach aige.
Chaith sé dhá bhliain ag obair mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire Marino i mBaile Átha Cliath, áit ar dhear sé cúrsa teanga don Roinn Oideachais agus Eolaíochta don chúrsa Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge. Mar aoi-léachtóir, tugann sé léachtaí ar mhodheolaíochtaí teagaisc do mhic léinn an D.I.O.