Is as Cnoc Mór i gCo. Mhaigh Eo ó dhúchas do Bhelinda.
Tá sí ag obair mar Fheidhmeannach Teanga in Áras na Gaeilge ó mhí Eanáir 2004. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith leis an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Chaith sí dhá bhliain go leith ag obair i TG4 mar chúntóir nuachta agus mar mhaor craolacháin agus chaith sí tréimhse mar léirmheastóir ar Chúla 4 chomh maith.
Mar ábhar tráchtais de chuid an chúrsa M.A., rinne sí taighde ar theagasc na Gaeilge mar theanga in institiúidí tríú leibhéal an stáit agus ar an bhfoghlaim fhéinrialaitheach i dtimpeallacht ollscoile.
I measc na ndualgas atá uirthi, tá cúrsaí Gaeilge a dhearadh, a riaradh agus a theagasc in Áras na Gaeilge.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 30 / 09 / 2009