Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Odharnait Ní Chéilleachair, BA, ATO, MA
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
091 - 595101
091 - 595041
odi.nicheilleachair oegaillimh.ie
|
|
Is as Rinn Ua gCuanach, Gaeltacht na nDéise i bPort Láirge, d'Odí
Is in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhain Odí céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla chomh maith leis an iarchéim ATO. Chaith sí seacht mbliana mar mhúinteoir meánscoile agus is le linn na tréimhse sin a ghnóthaigh sí MA sa Chultúr agus Cumarsáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá sí ag obair in Ionad na Ceathrún Rua ó 2000 agus faoi láthair tá sí ag dearadh, ag teagasc agus ag riaradh na modúl Gaeilge ar na cúrsaí BA sa Chumarsáid agus ar an Ard Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach agus tá dualgais riaracháin uirthi freisin. Tá suim faoi leith aici in eispéireas iomlánaíoch na hollscolaíochta tríú leibhéal agus tá sí mar threoraí agus comhairleoir ag na cumainn atá lonnaithe ar champas na Ceathrún Rua. Chomhbhunaigh sí an cumann ealaíon Subhóró a thionscain an dlúthdhiosca rathúil den teideal céanna agus is í a bhí mar léiritheoir feidhmiúcháin an tionscnaimh úd.
Tá suim faoi leith aici san amhránaíocht ar an sean-nós agus is minic í ag glacadh páirte agus ag moltóireacht ag féilte cultúrtha. Tá sí le haireachtáil ar na dlúthdhioscaí Cois Mara Thoir sa Rinn, Briseann an Dúchas agus Subhóró. Is í a bhunaigh agus a bhí i mbun an cholúin shóisialta Ócáidí Odí sa nuachtán Foinse ar feadh cúig bliana agus tá ábhar dá cuid foilsithe ar an iris idirlín Beo chomh maith. Cuireann sí ábhar ar fáil, freisin, do Breacadh, iris d’fhoghlaimeoirí aosacha.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 13 / 07 / 2010