Máirín Uí Choistealbha, B.A, M.A
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
00 353 91 869100
00 353 91 595041
mairin.uichoistealbha oegaillimh.ie
|
|
Tá Máirín ina cónaí i gCor na Rón, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Chaith sí seal ag obair in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin san Oifig Iontrála in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhain sí céim BA amach i 1976 agus an TTG i 1990. Bhí sí ocht mbliana ag obair mar Stiúrthóir ar Naíonra Lurgan, Indreabhán, le linn di a bheith ag tógáil clainne agus bhí sí gníomhach ar Choiste an Naíonra sin.
D'oibrigh Máirín mar mhúinteoir páirtaimseartha san Ionad, in Oifig na Gaeilge Labhartha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhí sí roinnt blianta ag múineadh Gaeilge i gColáiste Lurgan in Indreabhán (Coláiste Samhraidh). Sa bhliain 2003, bhain sí MA amach (Teideal an Tráchtais: 'Aistriúchán Mhichíl Bhreathnaigh ar Chnoc na nGabha')
Tá sí ag obair leis an Acadamh mar Fheidhmeannach Teanga ó Dheireadh Fómhair 2005. I measc na gcúraimí atá uirthi, tá taighde agus dearadh ábhar le haghaidh ranganna Gaeilge. Ina theannta sin cuidíonn sí le stiúradh agus teagasc dianchúrsaí, sainchúrsaí, cúrsaí do mhic léinn, ranganna oíche Gaeilge don phobal agus an Dioplóma sa Ghaeilge.