Máire Treasa Uí Shúilleabháin M.A., A.D.O.,
Is as Tír an Fhia do Mháire Treasa.
Is í ionadaí na hOllscoile í ar an tionscadal atá idir na hOllscoileanna chun cúrsa teanga a chur ar fáil do mhic léinn na Gaeilge. Tá dhá cúrsa tugtha chun críche - Dúshraith agus Forás agus táthar ag tosú ar an tríú cúrsa. Tugann sí ranganna Gaeilge don phobal trí mheán an Dioplóma sa Ghaeilge.
Chaith sí tréimhse ag obair mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste an Gharda Síochána, i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus mar Léachtóir agus Taighdeoir sa Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste Phádraig Maigh Nuad.
Tá céim BA aici sa Ghaeilge, iarchéim san ADO agus MA sa Nua-Ghaeilge.