Caitríona Ní Chonaola, B.a, T.T.G
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
00 353 91 - 896101
00 353 91 - 595041
caitriona.nichonaola oegaillimh.ie
|
|
Is as Camus i gConamara do Chaitríona.
Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2005 agus an Teastas i dTeagasc na Gaeilge in 2006. Bronnadh scoláireacht Ollscoile uirthi don bhliain acadúil 2004.
Sna nóchaidí, bhí sí ag obair le Gael Linn agus le Siamsa Tíre i dTrá Lí. Bhí sí ag obair le Cumas Teo. i Ros Muc ó 1994 go 1998. Ina dhiaidh sin, bhí sí féinfhostaithe, ag obair le daoine óga agus le tograí forbartha pobail.
Tá an-suim aici sa scríbhneoireacht chruthaitheach agus bhain sí an chéad duais amach i gComórtas Próis an Oireachtais in 2004. Fuair a dráma
Incubus gradam i gComórtas Scríbhneoireachta Bháitéir Uí Mhaicín in 2004 agus léiríodh é sa Taibhdhearc in 2005. Bíonn sí ag aisteoireacht agus tá cúpla gradam aisteoireachta buaite aici. Cumann sí amhráin agus fuair a hamhrán
Deartháirín Óg mo Chroí an chéad duais i gComórtas Idirnáisiúnta na Féile Pan-Ceiltí i 1993.
Tá sí ag obair leis an Acadamh ó mhí Dheireadh Fómhair 2005.