|
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mharianne.
Tá sí ag obair faoi láthair mar Riarthóir na dTaibhealaíon le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Tá breis is deich mbliana de thaithí ghairmiúil ag Marianne i réimse na n-Ealaíon Stáitse agus i réimse na n-Ealaíon Traidisiúnta. Chaith sí cúig bliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Shiamsa Tíre, Amharclann Náisiúnta Tíre na hÉireann agus Ionad Ealaíon i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Le linn an ama sin chaith sí ceithre bliana ar Bhord Stiúrtha Samhlaíocht Chiarraí a bhíonn ag eagrú Fhéile Ealaíon na Cásca i dTrá Lí agus Fhéile Scannánaíochta Chiarraí agus bhí sí ar choiste stiúrtha na Féile Ceoil ’Bloom’ chomh maith.
Chaith Marianne cúpla bliain mar Bhainisteoir Ginearálta ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta Gaeilge na hÉireann. Tá taithí ghairmiúil aici freisin ar léiriú, stiúradh, áisitheoireacht ealaíon, aisteoireacht, dearadh cúrsaí drámaíochta agus guthú. Faoi láthair tá sí ina comhalta ar Bhord Stiúrtha Branar Drámaíochta Teo.
|