Carmel Ní Bhriain
Teideal:
Seoladh:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Cumarsáide
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Gaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall,
Éire.
074 953 1919
074 953 1477
carmel.nibhriain oegaillimh.ie
|
|
Is as Gort a' Choirce, Tír Chonaill do Charmel.
Sa bhliain 1992, bhain sí céim B.A. amach i Staidéar na Meán in Ollscoil Uladh, Cúl Raithin. Ina dhiaidh sin, chaith sí seal ag staidéar leis an National Film and Television School, in Beaconsfield, Sasana agus d’fhreastail ar chúrsa traenála maidir le léiriúchán teilifíse le RTÉ.
D’oibrigh sí san earnáil neamhspleách teilifíse in Éirinn ar feadh dhá bhliain déag. Le linn na tréimhse sin, d’oibrigh sí do chomhlachtaí léiriúcháin ar fud na tíre, ina measc EO Teilifís, Ocean Films, Besom Productions, Gaelmedia agus Asylum Pictures.
Tá sí ag obair leis an Acadamh mar Fheidhmeannach Cumarsáide ó bhí 2003 ann.
Creidiúintí teilifíse mar chomhairleoir Gaeilge
-
An Scéalaí Deireanach: Clár faisnéise uair an chloig faoi shaol an bhailitheora bhéaloidis, Seán Ó hEochaidh, agus stair na scéalaíochta in Éirinn.
Léiriúchán de chuid Besom Productions agus Asylum Pictures do RTÉ/Bord Scannán na hÉireann/TG4/MEDIA.
-
Rotha Mór an tSaoil: Clár faisnéise uair an chloig bunaithe ar an leabhar Rotha Mór an tSaoil agus a chuireann síos ar shaol eachtraíochta Mhicí Mhic Gabhann agus é ar thóir an óir i Meiriceá.
Léiriúchán de chuid Faction Films agus Glassmachine Films do RTÉ/BBC/Bord Scannán na hÉireann/TG4.
Creidiúintí teilifíse mar léiritheoir
-
Géibheann: Sraith drámaíochta do pháistí bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta faoi Bhalor na Súile Nimhe.
Léiriúchán de chuid EO Teilifís do TG4.
-
An I Fada: Clár faisnéise uair an chloig faoin druga eacstaise in Éirinn agus éifeacht an druga sin ar shochaí an lae inniu.
Léiriúchán de chuid EO Teilifís do TG4.
-
Cinnúint de Gallaí: Clár faisnéise faoi bhliain i saol Bhreandáin de Gallaí agus é ar thóir pháirt an phríomhdhamhsóra i
Riverdance.
Léiriúchán de chuid EO Teilifís do TG4.