Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Teideal:
|
Feidhmeannach Cumarsáide
|
|
Beathaisnéis |
Is as Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath d'Uinsionn.
Tá sé i mbun taighde dochtúireachta faoi láthair ar thionchar an domhandaithe ar sheirbhísí craolacháin sna teangacha neamhfhorleathana. Tá spéis aige i ngnéithe éagsúla den chumarsáid, lena n-áirítear: an iriseoireacht, an daonlathas agus an tsochaí; ról agus tionchar TG4; an iriseoireacht ilmheáin.
Bronnadh duais iriseoireachta ar Uinsionn ag féile an Oireachtais i 1991 as feabhas a chuid iriseoireachta trí Ghaeilge leis an Irish Times.
Tá 15 bliana de thaithí aige mar iriseoir agus mar eagarthóir i nGaeilge agus i mBéarla, in Éirinn agus thar lear. Cuimsíonn an taithí sin tréimhsí éagsúla ag obair sna meáin chlóite, ar an teilifís agus mar thuairisceoir ócáideach raidió. Bhí sé ina Eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times ar feadh cúig bliana sna nóchaidí, agus mar chomhfhreagraí an Iarthair ar feadh bliain go leith. Bhí sé ina eagarthóir bunaidh ar an iris Ghaeilge Cuisle. Chaith sé tréimhsí freisin mar iriseoir sinsearach idirlín leis an nuachtáisíneacht dhomhanda IntraFish agus mar shaoririseoir le Foinse.
Chuir Uinsionn tuairiscí chuig an Irish Times ón Rómáin le linn titim na deachtóra Nicolae Ceaucescu faoi Nollaig 1989; as an gCosaiv an bhliain dár gcionn agus as Boisnia le linn an chogaidh ansin. Is iomaí tuairisce agus gné-alt a scríobh sé don nuachtán ina dhiaidh sin ar réimse leathan ábhar.
Ó Mhárta 2003 go Feabhra 2004 d'oibrigh sé ar chonradh bliana mar iriseoir físe i seomra nuachta TG4 i mBaile na hAbhann.
I bhfómhar na bliana 2004 d'oibrigh sé mar iriseoir físe neamhspleách, ag soláthar pacáistí nuachta i nGaeilge agus i mBéarla don chlár Seachtain ar RTÉ. Bhí sé i mbun na hoibre ceamaradóireachta ar a chuid pacáistí nuachta féin le linn an ama sin.
Chaith Uinsionn tréimhsí i mbun teagaisc ar chúrsaí iriseoireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Mhaigh Eo agus san Institiúid um Oideachas Idirnáisiúnta (IES) i mBaile Átha Cliath. Ar na cúraimí éagsúla atá air san Acadamh tá siollabais a dhearadh agus a theagasc do mhodúil éagsúla ar an gCéim B.A. sa Chumarsáid agus ar an Dioplóma i Scileanna Raidió, agus siollabais nua a phleanáil agus a fhorbairt.
Bhí Uinsionn ina Bhainisteoir Poiblíochta agus Eolais le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag deireadh na n-ochtóidí. Chaith sé bliain roimhe sin ag múineadh Gaeilge i bPobalscoil Neasáin, Baile Átha Cliath. Tá sé ina bhall de choiste Chumann Tuismitheoirí Scoil Cholmcille, An Tulach, Co. na Gaillimhe.
Mac Dubhghaill, U (2005). 'Harry Potter and the Wizards of Baile na hAbhann: Translation, subtitling and dubbing policies in Ireland's TG4 from the start of broadcasting in 1996 to the present day'. IV Siompóisiam Idirnáisiúnta de chuid Mercator Media, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth.
Foilsíodh an páipéar san iriseán Mercator Media Forum 9 (eag. George Jones), Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth, 2006.
Bhí Uinsionn ar an bpainéal cainteoirí ag seisiún clabhsúir na comhdhála sin, 'Cultural translation, friend or foe? How can small language communities use translation of film, television and literature to their own best advantage?'.
