Rónan Ó Dubhthaigh
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Riarthóir na Cumarsáide
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 595101
091 - 595041
ronan.odubhthaigh oegaillimh.ie
|
|
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Rónán.
Tá sé mar Bhainisteoir Stiúrtha ar An Fhiontarlann Teo., ar an gCeathrú Rua ó bunaíodh an comhlacht. Le roinnt blianta anois tá sé mar léiritheoir feidhmitheach do shraith clár irise agus mar léiritheoir na gclár faisnéise a bhíonn idir lámha ag An Fhiontarlann do TG4.
D'oibrigh Rónán sa réimse raidió pobail ó 1982 go 1990. Ghnóthaigh sé céim B.A. sa Chumarsáid ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1993 agus ceapadh é mar chéad Bhainisteoir ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath sa bhliain chéanna. Ceapadh é i Méan Fómhair 1994 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a chur ar siúl agus tá sé mar léachtóir fós ar an gcúrsa.
Foilseachán
Ó Dubhthaigh, R. 1995. 'Cumarsáid Fheidhmeach'.
Irisleabhar an Phléaraca.
Creidiúintí raidió
-
Istigh ar Oileán Chléire. RTÉ Raidió na Gaeltachta. 26 Márta 2001.
-
Um Thráthnóna. Raidió na Life 1994.
-
Ceol Beo. Raidió na Life 1993/4.
-
Scoth na Seachtaine. Raidió na Life 1993/4.
-
An Tuar Ceatha. Raidió na Life 1993.
-
Those Dublin Blues. DCUFM 1993.
Creidiúintí teilifíse
-
Fód Móna agus Stumpa Bheag de Pheann Luaidh. TG4 2001.
-
Idir Earrach agus Fómhar. TG4 2000.
-
Idir Mhagadh 's Dáiríre. (Sraith a 1 agus 2) TG4 1999 go 2002.
-
An Chéad Chath Craolta. TG4 1999.
-
Those Dublin Blues. DCUTV 1993.
-
Oidhreacht Bheo Chléire. DCUTV 1993.