|
Bhí sí fostaithe ag an eagraíocht Gaeleagras le ceithre bliana déag anuas mar mhúinteoir Gaeilge agus mar chomhairleoir cumarsáide. D'fhorbair sí gearrchúrsaí traenála do státseirbhísigh chun cabhrú leo scileanna craoltóireachta trí Ghaeilge a shealbhú.
Le linn na mblianta 2003 go 2005 ba í Norita a leag amach agus a theasgasc roinnt modúl ar Chraoltóireacht Raidió ar an gcúrsa do Dhioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus sa Ghaeilge Fheidhmeach a réachtálann Europus, an Comhlacht Teanga, faoi choimirce Údarás na Gaeltachta.
Le blianta beaga anuas is iomaí comhdháil agus cruinniú a raibh lámh aici iontu agus tá cathaoirleacht déanta aici go háirithe ar sheisiúin faoi chúrsaí pleanála agus an Ghaeilge. Is ábhair iad seo a spreagann a cuid spéise agus a cuid díograise. Tá sí faoi láthair ag cur lena cuid cáilíochtaí oideachais agus í i mbun staidéir chun céim mháistreachta i Modheolaíochtaí do Theagasc Teangacha (An Ghaeilge) a bhaint amach.
|