Dan Dwyer
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Cumarsáide
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 595101
091 - 595041
dandwyer oegaillimh.ie
|
|
Is as Cathair Chinn Lis, Co. Luimnigh do Dan agus tá sé ag obair leis an Acadamh ó Mhí Feabhra 2006 i leith.
Ó 2002 go dtí sin bhí sé leis an Rehab Group i mBaile Átha Cliath mar Chomhordaitheoir Tionscadail ar an gclár Mediability, clár uathúil oiliúna meán a dhearadh agus a chomhordú do dhaoine fásta ar fud na tíre.
Bhunaigh Dan an comhlacht léiriúcháin teilifíse, Léirithe Pictia Teo. in 2002 agus tá cláir theilifíse agus cláir chorparáideacha físe léirithe aige do TG4, Ollscoil Luimnigh agus roinnt eagraíochtaí eile.
Roimhe sin chaith sé tréimhse trí bliana ag obair mar Bhainisteoir Léirithe leis an gcuideachta léiriúcháin agus oiliúna teilifíse An Fhiontarlann Teo., a bhí á rith ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus a bhí lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Stiúir agus léirigh sé go leor cláir theilifíse do TG4 ar son na cuideachta sin, an tsraith irischláir,
Idir Mhagadh ’s Dáiríre ina measc.
Creidiúintí teilifíse mar léiritheoir feidhmiúcháin
-
Idir Mhagadh ’s Dáiríre: Sraith a 3 agus a 4. Irischlár seachtainiúil bunaithe sa Ghaeltacht a bhí comhdhéanta de cheisteanna tromchúiseacha agus sceitsí grinn agus ar éirigh go hiontach leis ar TG4. Bhain coimisiúnú a dhéanamh ar ábhar ó chuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Éireannacha eile leis an ról seo.
Creidiúintí teilifíse mar léiritheoir/stiúrthóir
-
Na hAingil: Clár faisnéise do TG4 ar an tslí a raibh tionchar ollmhór ag galar craicinn neamhchoitianta ar ghnáth-theaghlach. Fuair an clár an-chlúdach sna meáin áitiúla agus athchraoladh é cúpla uair.
-
An Clár Pleanála: Clár faisnéise leathuair an chloig do TG4 ar dheacrachtaí pleanála reatha faoin tuath in Éirinn. D'ainmnigh TG4 é do ghradaim Eorpacha Regional Circom in 2002 sa réimse ’Cúrsaí Reatha’.
-
Faoi Bhláth Threasa: Clár faisnéise leathuair an chloig ar shaol Naomh Thérèse as Lisieux agus ar a taisí, a tugadh ar chamchuairt go hÉirinn.
TG4 a chraol.
Creidiúintí teilifíse mar scríbhneoir/stiúrthóir
-
Fód Móna agus Stumpa Bheag de Pheann Luaidhe: Clár faisnéise leathuair an chloig ar Sheanscoil an Chnoic, An Cnoc, Indreabhán, Conamara.
TG4 a chraol.
-
An Chéad Chath: Clár faisnéise leathuair an chloig ar an gCéad Chathlán d’Arm na hÉireann, atá lonnaithe ag Beairic na Rinne Móire i nGaillimh.
TG4 a chraol.
-
An Dá Chloch: Sceitse grinn 5 nóiméad.
TG4 a chraol.
Tionscadail in oiliúint/oideachas meán
-
Mediability: Clár oiliúna iriseoireachta cianfhoghlam atá á chur ar fáil go náisiúnta ag an Rehab Group do dhaoine le míchumas.
- Cúrsaí oiliúna do Ghael Linn: Cúrsaí raidió agus teilifíse do mhic léinn idirbhliana na meánscoileanna.