Seosamh Mac Donnacha, B.A, M.A, M.S.c
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Comhordaitheoir Acadúil
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
00 353 91 493753 / 869102
00 353 91 595041
seosamh.macdonnacha oegaillimh.ie
|
|
Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas do Sheosamh.
Tá se freagrach as forbairt an oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge agus pleanáil teanga. Tá spéis ar leith aige sa taighde ar ghnéithe eagraíochta agus straitéise den phleanáil teanga.
Chaith sé tréimhse ag obair le forbairt polasaithe teanga mar bhainisteoir comhordaithe polasaí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí sé mar stiúrthóir ar an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Reachtaíocht Teanga a reáchtáladh i 1998. Tá tréimhse caite aige ag obair le Glór na nGael freisin agus bhí sé ar cheann de chomhbhunaitheoirí na heagraíochta Comhluadar.
Tá céim B.A. i mBainistíocht aige agus céim Máistreachta in Iompraíocht Eagraíochta.