Is as Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara do Pheadar.
Tá réimse leathan taithí aige i bhforbairt phobail trína chuid oibre le coistí pobail, le comharchumainn agus le heagraíochtaí cultúrtha, sóisialta agus teanga. Bhí sé ina chathaoirleach ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Comharchumann Chois Fharraige, comhchoiste Ghaeltacht Chonamara agus coiste náisiúnta Ghlór na nGael. Bhí sé mar Rúnaí ar Chomharchumann Shailearna agus tá sé ina Rúnaí ar choiste Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael faoi láthair. Ba é a bhí ina Chathaoirleach ar Choimisiún na Gaeltachta, a d'fhoilsigh a dtuarascáil in 2002.
Tá céim B.A. aige sa Ghaeilge agus sa Gheilleagar agus M.A. sa Nua-Ghaeilge.
Chaith sé sé bliana ina mhúinteoir iar-bhunscoile agus bhí sé mar Stiúrthóir ar Oifig na Gaeilge Labhartha, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 1973. Ar na cúraimí atá air mar Phríomhfheidhmeannach tá: cur chun cinn na Gaeilge i measc chomhluadar na hOllscoile chomh maith le freastal ar éileamh an phobail in abhanntrach na hOllscoile i leith cúrsaí sa Ghaeilge Labhartha agus cúrsaí trí Ghaeilge.
Foilseacháin
Mac an Iomaire, P. 1983. 'Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach',
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 11 / 09 / 2008