Séamus Ó Coileáin, B.A. MPhil, TTG, MITIA
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Aistriúcháin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
Gaillimh,
Éire.
091 - 493959
091 - 526509
seamus.ocoileain oegaillimh.ie
|
|
Is ó Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh do Shéamus.
Tá spéis ar leith aige sa taighde ar Ghaeilge Iarthar Luimnigh, Saothar Mhíchíl Uí Ghríobhtha, Aistriúchán Téacsleabhar Scoile agus Aistriúchán Ríomhchuidithe.
D'oibrigh sé le hIonad na Gaeilge Labhartha agus Roinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh; Ionad Léann na hÉireann, University of Liverpool; agus le Europus ar an gCeathrú Rua sular tháinig sé chun oibre leis an Acadamh.
Tá céim B.A. aige sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus M.Phil. sa Ghaeilge. Tá sé ag gabháil do thaighde dochtúireachta faoi láthair, le cúnamh scoláireacht COGG, ar aistriú Téascleabhar Scoile. Is ball é de Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann. Tá séala aistriúcháin agus séala eagarthóireachta Fhoras na Gaeilge bainte amach aige.
Foilseacháin
Leabhair
Ó Coileáin, S. An Domhan Inniu, (aistriú ar Today’s World le Liam Ashe & Kieran McCarthy), Edco, Baile Átha Cliath (2009)
Ó Coileáin, S. & Ní Eidhin, U, Leabhar Mór Ghuslaeir ar Fhuinneamh, (aistriú ar Guzzler’s Big Book on Energy le Sustainable Energy Ireland), SEI, Baile Átha Cliath (2010)
Ó Coileáin, S. & Ní Eidhin, U, Fiosraíonn Guslaer faoi Chúrsaí Fuinnimh, (aistriú ar Guzzler Investigates Energy le Sustainable Energy Ireland), SEI, Baile Átha Cliath (2010)
Ó Coileáin, S. Cumhacht na Gaoithe, (aistriú ar Wind Power le Pat Malone), Carroll Education Limited, Baile Átha Cliath (2010)
Ó Coileáin, S. An Bhean Sí, (aistriú ar The Banshee le Laura Geraghty), Carroll Education Limited, Baile Átha Cliath (2010)
Ó Coileáin, S. An tAilceimiceoir, (aistriú ar O Alquimista le Paula Coelho), Coiséim, Baile Átha Cliath (2010)
Ó Coileáin, S. & Ní Eidhin, U. Geo Nua, (aistriú ar New Geo le Liam Ashe & Kieran McCarthy), Edco, Baile Átha Cliath (2011)
Ailt
Ó Coileáin, S. “Is that Irish: Focail Ghaeilge sa Bhéarla in Iarthar Luimnigh”, in Taighde agus Teagaisc, Iml. 3, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste (2003)
Ó Coileáin, S. “Trados agus an Ghaeilge”, in Translation Ireland, Eagrán an Earraigh, Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann, Baile Átha Cliath (2003)
Ó Coileáin, S. “Watcháil do theanga!”, in Gaelscéal (2010)
Ó Coileáin, S. “Caighdeánú” in Gaelscéal (2010)
Ó Coileáin, S. “Fadhbanna Teanga sna Páipéir Scrúduithe” in Gaelscéal (2010)