Tá suim ar leith aici taighde a dhéanamh ar chúrsaí aistriúcháin sna meáin Ghaeilge, ar chanúintí na Gaeilge, canúint Uladh go háirithe, agus ar ábhair a bhaineann le cearta teangacha mionlaigh san Eoraip.
Roimhe seo, bhí sí ina riarthóir ar Oifig Aistriúcháin Chomhaltas na Mac Léinn agus ina léachtóir páirtaimseartha sa Ghaeilge Chumarsáideach agus i Litríocht na Nua-Ghaeilge in Institiúid Teicneolaíochta, na Gaillimhe/Maigh Eo. Tá céim B.A. aici sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis chomh maith le M.A. sa Nua-Ghaeilge.
D’éirigh léi séala aistriúcháin Fhoras na Gaeilge a bhaint amach in 2006.
Tá sí i mbun Dochtúireachta i láthair na huaire ar Bhriathra Frásacha na Gaeilge.
Foilseacháin
Nic Niallais A. (2005) ’Tearmann don Dragan Dhearg ar Thailte na Patagóine’, Go Nuige Seo,
P. Ó Cíobháin (eag.), Baile Átha Cliath, Coiscéim, lgh 1-11.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 03 / 09 / 2008