Eoin Ó Droighneáin, M.A.
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin & Pleanála Corpais
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 869858 / 493366
091 - 595041
eoin.odroighneain oegaillimh.ie
|
|
Is as an Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige d'Eoin agus is ann atá sé ina chónaí. Taobh amuigh dá chuid oibre leis an Ollscoil, tá sé gníomhach ar choistí deonacha agus pobail ina cheantar dúchais.
Fuair Eoin a chuid bunscolaíochta agus meánscolaíochta sa Spidéal, Co. na Gaillimhe; bhain sé céim B.A. amach sa Ghaeilge agus sa Stair (1992) agus M.A. sa Nua-Ghaeilge (1995) ina dhiaidh sin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhí Eoin i mbun Sheirbhís Aistriúcháin Bhord na Gaeilge i mBaile Átha Cliath idir 1995 agus 1997 agus chaith sé seal ina aistritheoir agus ina ateangaire i Rannóg an Aistriúcháin in Oifig Thithe an Oireachtais idir 1997 agus 2001.
Tá sé ag obair mar Riarthóir ar an Aonad Aistriúcháin agus Phleanála Corpais ó 2001 i leith agus tá sé ag feidhmiú faoi láthair mar stiúrthóir acadúil ar an Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin), an Dioplóma Iarchéime / M.A. (Léann an Aistriúcháin) agus ar an ábhar bunchéime, Léann an Aistriúcháin (B.A. Omnibus). Bíonn sé ag obair in Ionad na Ceathrún Rua agus ar Champas na hOllscoile.
Tá spéis ar leith aige san aistriúchán reachtaíochta, sa nuathéarmaíocht, san ateangaireacht, i gcanúintí na Gaeilge, sa stair áitiúil, agus i saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain.
Tá Eoin pósta ar Shíle agus tá beirt chlainne orthu.
Ó Droighneáin, E. (eagarthóir), 2004. Cill Éinde – Céad Bliain. An Spidéal: Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta.
Ó Droighneáin, E., 2004 'Growing stature of Irish opens up new horizons for people of Gaeltacht', The Connacht Tribune (alt, 19 Lúnasa 2004.)
Ó Droighneáin, E., 2004. 'Smaointe faoi Chúrsaí Aistriúcháin’, Go nuige seo.
Ó Droighneáin, E., 2001. 'Céimeanna comparáide na haidiachta sna canúintí’, Aimsir Óg, lgh. 172-178.
Ó Droighneáin, E., 1995. 'Difríochtaí Canúna i nGaeltacht Iarthar na Gaillimhe’, Clárleabhar Fhéile Curach an Spidéil.
Tráchtas M.A.: 'Foirm na hAidiachta i gCanúintí na Gaeilge’ (1995)