Cassie Ní Chathasaigh, M.A., T.T.G
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Aistriúcháin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
091 - 869022
091 - 595041
cassie.nichathasaigh oegaillimh.ie
|
|
Is as Carna, Iorras Aithneach, do Chassie.
Tá sí ag obair mar Feidhmeannach Aistriúcháin ó 2005. Is ról teagaisc agus comhordaithe atá aici ar chláir léinn an Aonaid Aistriúcháin lena n-áirítear an Dioplóma Iarchéime / M.A. (Léann an Aistriúcháin), an Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin) agus an t-ábhar Léann an Aistriúcháin ar chlár an B.A. (Omnibus).
D'fhreastail Cassie ar Ollscoil Luimnigh, áit ar bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Tá M.A. i Staidéar an Aistriúcháin aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá tréimhse caite aici ag obair mar aistritheoir gairmiúil. Tá creidiúnú faighte aici ó Fhoras na Gaeilge agus a hainm foilsithe ar an bpainéal aistritheoirí atá le feiceáil ar a láithreán gréasáin.