Comhairle Chontae na Gaillimhe
Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le scoláirí ar mian leo leas a bhaint as maoiniú chun freastal ar oideachas tríú leibhéal chuile bhliain. Cliceáil
anseo
chun tuilleadh eolais a fháil.
Comhairle Chontae Dhún na nGall
Tacaíonn Comhairle Chontae Dhún na nGall le scoláirí ar mian leo leas a bhaint as maoiniú chun freastal ar oideachas tríú leibhéal chuile bhliain. Cliceáil
anseo
chun tuilleadh eolais a fháil.
Scéim um Dheontais Ardoideachais
Féadfaidh tú cur isteach ar an Scéim um Dheontais Ardoideachais más mac léinn tú atá ag brath cúrsa fochéime lánaimseartha aitheanta a mhairfidh dhá bhliain ar a laghad nó cúrsa iarchéime lánaimseartha a leanúint. Caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh: caighdeán áirithe acadúil agus tástáil acmhainne san áireamh le go mbeifeá i dteideal an deontas a fháil. Cliceáil
anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus tú dífhostaithe, más tuismitheoir aonair tú nó má tá míchumas ort, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal cúrsaí dara nó tríu leibhéil a dhéanamh tríd an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Faigheann
rannpháirtithe sa scéim íocaíocht ar ráta caighdeánach nach bhfuil ag brath ar thástáil acmhainne. Ní chuirfidh aon deontas cothabhála a fhaigheann tú isteach ar d'íocaíocht. Cliceáil
anseo
chun tuilleadh eolais a fháil.
Tuilleadh eolais
Tá níos mó eolais ar tháillí agus ar thacaíocht do mhic Ollscoil na hÉireann Gaillimh le fáil le fáil ag
www.nuigalway.ie/student_fees. Freisin, tá eolas mionsonraithe ar an raon deontas agus cistí do mhic léinn i mbreisoideachas agus ardoideachas le fáil ar an láithreán gréasáin
http://www.studentfinance.ie/
|