Dianchúrsaí Gaeilge
Eolas Ginearálta maidir leis na Cúrsaí do Dhaoine Fásta
Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe ag teastáil leis an tairbhe is fearr a bhaint as na dianchúrsaí i.e. is í an Ghaeilge is cóir a labhairt ar feadh an chúrsa.
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór na foirmeacha iarratais a bheith ar ais in éineacht leis an éarlais trí seachtaine roimh thús an chúrsa.
Éarlais €200 nach n-aisíocfar (€100 táille lóistín san áireamh) agus a bhainfear as táille an chúrsa ag an gclárú.
Is in Euro a íocfar na táillí agus na héarlaisí.
Íocfar na táillí ina n-iomláine ar an gcéad mhaidin den chúrsa.
Tá sé de cheart ag OÉ Gaillimh aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Tabharfar na héarlaisí ar ais sa chás sin.