Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta 2013
Cé muid féin?
Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
Táimid lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
|
 |
Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?
(a) Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta.
(b) Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí.
(c) Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.
Cuspóirí an chúrsa
-
Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr.
- Tuiscint a chothú iontu ar úsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
- Deiseanna a chruthú dóibh le sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.
An Cur Chuige Teagaisc:
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe. Bíonn an bhéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar rólghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga. Múintear an ghramadach de réir mar a bhíonn sí ag teastáil agus i gcomhthéacs den chuid is mó den am.
Áiseanna Teagaisc
Tá scoth na n-áiseanna teagaisc nua-aimseartha san ionad:
- Seomraí ranga ilchuspóireacha
- Cláir bhána idirghníomhacha
- Ríomhlanna
- Seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta
- Trealamh léiriúcháin teilifíse
- Stiúideo
- Leabharlann
Ábhar Ranga
-
Straitéisí Comhrá
- Cleachtaí éisteachta/cainte/léitheoireachta/scríbhneoireachta
- Cluichí teanga
- Cora cainte ó na canúintí éagsúla
Imeachtaí seach-churaclaim
- Oícheanta Cultúir
- Turais oidhreachta
- Drumadóireacht
- Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta
- Tráth na gCeisteanna Boird
- Damhsa Seite/Céilí
- Siúlóidí Dúlra
- Tóraíochtaí Taisce
Cúrsaí Seachtaine
Táille Teagasc: €260
- Dianchúrsa A 01–05 Aibreán 2013
- Dianchúrsa B 10–14 Meitheamh 2013
- Dianchúrsa C 17–21 Meitheamh 2013
- Dianchúrsa D 01–05 Iúil 2013
- Dianchúrsa E 08-12 Iúil 2013
- Dianchúrsa F 19-23 Lúnasa 2013
Cúrsaí Coicíse
Táille Teagasc: €420
- Dianchúrsa G 10–21 Meitheamh 2013
- Dianchúrsa H 01-12 Iúil 2013
- Dianchúrsa I 05–16 Lúnasa 2013
Eolas Breise
Tá eolas ginearálta faoi na dianchúrsaí seo ar fad le fáil ar
an leathanach eolais seo.
Tá an t-eolas atá ar an leathanach seo ar fáil ar i bhfoirm
PDF anseo.
Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais:
An Rúnaí,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
Fón: 091 595101
Ríomhphost: cursaigaeilge
oegaillimh.ie
Gréasán: www.acadamh.ie
Is féidir leat
foirm iarratais a íoslódáil anseo nó
cliceáil anseo chun iarratas ar-líne a dhéanamh.