Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine:
|
- a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge labhartha acu,
- tuiscint áirithe acu ar ghramadach na teanga ach spéis acu eolas níos fearr a fháil uirthi.
Tá sé feiliúnach do dhaoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta ina gcuid oibre, mar shampla, múinteoirí, craoltóirí, rúnaithe, agus scríbhneoirí.
Bheadh sé feiliúnach chomh maith do mhic léinn atá ag déanamh na Gaeilge mar ábhar ollscoile.
Beidh an bhéim ar scríobh agus ar léamh na teanga ach beidh gníomhaíochtaí cainte agus éisteachta i gceist chomh maith.
Gaeilge a labhraítear ar an gcúrsa agus is i nGaeilge freisin a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa maidir le teagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín &rl.
|
Lóistín
|
Cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha nua–aimseartha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge.
Táille iarratais €200 (éarlais €100 don lóistín san áireamh) riachtanach. Bainfear an €200 seo as Táille an Chúrsa ag an gclárú (i.e is €60 a bheidh fanta le híoc). Ní aisíocfar an táille mura dtagann tú ar an gcúrsa.
|