Dianchúrsaí Gaeilge
Tá aitheantas á lorg faoi láthair ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta do na cúrsaí seo.
Cúrsaí Seachtaine Táille €250
|
|
A |
05 - 09 Aibreán 2010 |
|
B |
28 Meitheamh – 02 Iúil 2010 |
|
C |
05 – 09 Iúil 2010 |
|
D |
30 Lúnasa – 03 Meán Fómhair 2010 |
Ionad an chúrsa
|
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe.
|
Tá na cúrsaí seo feiliúnach do:
|
-
Éireannaigh a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil (m.sh. iad siúd a bhfuil ’Gaeilge na Scoile’ acu).
-
Eachtrannaigh a bhfuil dianstaidéar déanta ar an nGaeilge acu le 2 nó 3 bliana anuas.
Gaeilge a labhraítear ar an gcúrsa agus is i nGaeilge freisin a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa maidir le teagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín &rl.
|
Lóistín
|
Cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha nua–aimseartha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge.
Dá bharr seo, tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach.
Éarlais €100 riachtanach, nach n-aisíocfar (san áireamh sa táille iarratais €200). (Le baint as Táille an Chúrsa ag an gclárú)
|
Táillí - Cúrsa Seachtaine
|
(Lóistín Iomlán - le híoc le Bean an Tí)
- Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile) €205 Seomra Singil €280 Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh)
|