Dianchúrsaí Gaeilge
Tá aitheantas á lorg faoi láthair ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta do na cúrsaí seo.
Cúrsaí Coicíse
Táille: €420
|
E |
02 – 13 Iúil 2012 |
|
F |
30 – 10 Lúnasa 2012 |
Ionad an chúrsa
|
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe.
|
Tá na cúrsaí seo feiliúnach do:
|
-
Éireannaigh a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil (m.sh. iad siúd a bhfuil ’Gaeilge na Scoile’ acu).
-
Eachtrannaigh a bhfuil dianstaidéar déanta ar an nGaeilge acu le 2 nó 3 bliana anuas.
Gaeilge a labhraítear ar an gcúrsa agus is i nGaeilge freisin a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa maidir le teagasc,
imeachtaí sóisialta, lóistín &rl.
|
|
Lóistín
|
Cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha nua–aimseartha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge.
Dá bharr seo, tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach.
- Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile): €455
- Seomra Singil: €635
- Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh)
-
Lóistín iomlán le híoc le Bean an Tí
|
Táillí - Cúrsa Coicíse
|
Táille iarratais €200 (éarlais €100 don lóistín san áireamh) riachtanach. Bainfear an €200 seo as Táille an Chúrsa ag an gclárú. Ní aisíocfar an táille mura dtagann tú ar an gcúrsa.
Tá foirm iarratais ar fáil
anseo.
|
| Beidh bróisiúr de na Cúrsaí Gaeilge ar fáil le híoschóipeáil go luath. |